an tSraith Shóisearaigh

[et_pb_section fb_built=”1″ _builder_version=”3.20.1″][et_pb_row _builder_version=”3.20.1″][et_pb_column type=”4_4″ _builder_version=”3.20.1″][et_pb_text _builder_version=”3.20.1″]

An tSraith Shóisearaigh

Cuireann Pobalcholáiste Mhic Shuibhne réimse cuimsitheach ábhar ar fáil do dhaltaí ón gceantar agus ón dúiche mórthimpeall don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht. Faoi láthair tá fáil ag na daltaí ar ;

  • Clár an Teastais Shóisearaigh [JCSP]
  • An Idirbhliain [TY]
  • An Ardteist Fheidhmeach [LCA]
  • Ardteistiméireacht [LCE]

Tugann daltaí na scoile faoi Scrúdú an Teastais Shóisearaigh ag deireadh na tríú bliana. Tá réimse leathan ábhar ar fáil dóibh, ina measc Gaeilge, Béarla, Matamaitic, Tíreolaíocht, Teichneolaíocht Ábhar[Adhmad], Ceol, Eolaíocht, Fraincis, Sínis, Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitiúil [CSPE], SPHE, Corpoideachas, Reiligiún,Treoir, Teicneolaíocht Faisnéise, na Meáin Dhigiteacha agus Cód.

Beidh cúrsa nua folláine [Wellbeing] ar fáil go luath do dhaltaí atá mar chuspóir aige gur saoránaigh gníomhacha, bainteacha, feasacha agus achmhainneacha a bheidh inár ndaltaí sa todhchaí.

Bronnfar Gradam Spriocanna an tSraith Shóisearaigh ar dhaltaí freisin a aithneoidh a rannpháirtíocht i réimse leathan foghlama eile anseo i bPobalcholáiste Mhic Shuibhne.

Is scoil ‘Apple iPad’ í Gaelcholáiste Mhic Shuibhne le háiseanna ríomhaireachta agus tacaíocht theicniúil den scoth ar fáil ann. Baineann daltaí agus múinteoirí úsáid as an iPad ar bhonn laethúil. Creidimid go gcuireann an teicneolaíocht le taithí foghlama na ndaltaí agus go n-ullmhaíonn sé iad do shaol an lae inniu. Is slí nuálach agus suimiúil í foghlaim leis an raon mór apps atá ar fáil agus spreagann sí cumas theicniúil na ndaltaí ag an am chéanna. Is togra an-dhearfach é do na daltaí. Cabhraíonn sé lena rannpháirtíocht leis an gcuraclam agus mar sin, feabhsaíonn sé torthaí foghlama. Tacaíonn sé freisin le féin-mhuinín agus neamhspleáchas foghlama na ndaltaí.

Roghnaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna an scoil seo chun gearr-chúrsa Cód a chur ar bun don tSraith Shóisearaigh ar bonn píolóta. Tá an cúrsa seo ar siúl i gcomhair le comhlacht mór idirnáisiúnta teichneolaíochta áitiúil.

[/et_pb_text][/et_pb_column][/et_pb_row][/et_pb_section]