Imeachtaí Breise

[et_pb_section fb_built=”1″ _builder_version=”3.20.1″][et_pb_row _builder_version=”3.20.1″][et_pb_column type=”4_4″ _builder_version=”3.20.1″][et_pb_text _builder_version=”3.20.1″]

Imeachtaí Breise

Is cuid lárnach é an spórt i saol Ghaelcholáiste Mhic Shuibhne. Cothaíonn sé forbairt sóisialta, meabhrach agus mothúchánach i measc na ndaltaí. Cuirfear béim faoi leith ar na cluichí Gaelacha ; iománaíocht, peil agus camógaíocht. Tacaíonn Roinn Corpoideachais na scoile agus cóitseálaithe Chumann Lúthchleas Gael leis an obair seo.

Tá foireann lúthchleasaíochta rathúil againn freisin. Is í Inion Ní hÉalaithe [múinteoir Corpoideachais agus lúthchleasaí idirnáisiúnta] cóitseálaí na foirne. D’éirigh thar barr leis an bhfoireann i gcomórtais na Mumhan Theas agus i dtionóil raoin agus faiche.

Ceol

Tá an ceol an-thábhachtach i gcultúr na scoile. Tá an ceol ar fáil mar ábhar don tSraith Shóisearaigh agus tugtar deis chomh maith páirt a ghlacadh in imeachtaí ceoil éagsúla chun bua an cheoil a chur chun cinn i measc na ndaltaí.

 

Music Generation agus SoundOUT

Cuireann Music Generation agus Sound Out ranganna ceoil ar fáil do dhaltaí ina gceantar féin .Tá comhpháirtíocht ann le scoileanna eile chun bannaí ceoil a bhunú. Ghlac daltaí ónár scoil páirt i gceolchoirmeacha i Halla na Cathrach agus in Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí agus sheinn said freisin ar chlár teilifíse RTE Elev8. Chan beirt scoláire dár gcuid don Phápa i Sistine Chapel na Róimhe le Edge, giotáraí U2.

 

Ceoldráma

Le trí bhliain anuas tháinig Pobalscoil Bhaile an Chollaigh agus an Coláiste seo le chéile chun ceoldráma a léiriú in Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí. Déanann TOMAR urraíocht ar an dtogra seo. Is é Ciarán Birmingham, an t-aisteoir aitheanta atá ina stiúrthóir ar an gceoldráma. Ghlac Ciarán páirt i Game of Thrones agus the Young Offenders. Bíonn se páirteach go rialta freisin i bpaintimím na Nollag san Everyman Theatre. Spreagtar daltaí idir an gcéad bhliain agus an cúigiú bliain bheith páirteach sa cheoldráma.

[/et_pb_text][/et_pb_column][/et_pb_row][/et_pb_section]